Dr GARRY BANNISTER studied Irish and Russian at Trinity College Dublin and Moscow State University. Back in Ireland, he headed the Irish department at St Columba’s College in Dublin and has been a visiting lecturer on modern Irish literature at St Patrick’s College, Drumcondra. His most recent books include Proverbs in Irish, What’s That as Gaeilge? An English–Irish Phrasebook and the magnificent reference book Teasáras Gaeilge–Béarla, which was nominated for an Irish Book Award in 2023.Fuair an Dr GARRY BANNISTER céim sa Ghaeilge agus sa Rúisis i gColáiste na Tríonóide, Bhaile Átha Cliath sula ndeachaigh sé go Moscó le M.A. agus PhD a bhaint amach. Ar theacht ar ais go hÉirinn dó, ceapadh ina cheannaire é ar Roinn na Gaeilge i gColáiste Choilm agus bhí sé ar iasacht i gColáiste Phádraig i nDroim Conrach ar feadh tamaill freisin. Is iad na leabhair is déanaí a tháinig uaidh ná Proverbs in Irish, What’s That as Gaeilge? An English-Irish Phrasebook agus an chéad Teasáras Gaeilge–Béarla a cuireadh ar an ghearrliosta do Ghradam Leabhar na Bliana 2023.