bokomslag Tine sa Chcin
Deckare

Tine sa Chcin

Panu Petteri Hglund

Pocket

319:-

Funktionen begränsas av dina webbläsarinställningar (t.ex. privat läge).

Uppskattad leveranstid 7-11 arbetsdagar

Fri frakt för medlemmar vid köp för minst 249:-

  • 200 sidor
  • 2018

Tír shuaimhneach shíochánta i dTuaisceart na hEorpa a bhí sa Chácóin tráth. Anois áfach tá sí ar coipeadh le seinea­fóibe is le sceimhlitheoireacht. Maraíodh fear ceannais na heite deise antoiscí, agus an chuma ar an scéal go bhfuil lucht a leanúna ag cromadh ar fheachtas sceimh­litheoireachta le díoltas a bhagairt ar an tsochaí go léir. Caithfidh Makar Turkan, bleachtaire, an dún­mharfóir a cheapadh sula rachaidh cúrsaí na tíre ó smacht go hiomlán.

Tháinig an scéal seo i gcló an chéad uair ar an iris Ghael-Mheiriceánach An Gael i dtús na 2010idí, ach níor imigh a dhath dá thoipiciúlacht idir an dá linn.

Scéinséir é seo atá bord ar bhord le himeachtaí corracha ár linne. Scéal grá é freisin. Achainí phaiseanta atá ann ar son cairdis agus muintearais, in aghaidh gach cineál ciníochais. –––

Scríbhneoir Gaeilge agus aistritheoir gairmiúil ón bhFionlainn é Panu Petteri Höglund a chaith na blianta fada ag déanamh dianstaidéir ar scríbhinní Gaeilge na Gaeltachta idir litríocht agus bhéaloideas. Bhain sé amach céim sa léann Ghearmánach, Pholannach agus Rúiseach ó Åbo Akademi (Ollscoil Sualainnise na Fionlainne). Tá sé meáite ar lón léitheoireachta a sholáthar do lucht na Gaeilge a shásós na héilimh is airde amuigh. Tháinig cúig leabhar próis i gcló uaidh cheana féin, mar atá, Sciorrfhocail (2009 – úrscéilín agus scéalta), An Leabh­ar Nimhe (2012 – gearrscéalta uafáis in aithris ar H. P. Lovecraft), An Leabhar Craicinn (2013 – gearrscéalta earótacha) agus An tSlaivéin (2013 – úrscéal faoi Oirthear na hEorpa), agus An Fhondúir­eacht (2014 – leabhar ficsin eolaíochta le hIsaac Asimov).

  • Författare: Panu Petteri Hglund
  • Format: Pocket/Paperback
  • ISBN: 9781782012245
  • Språk: Engelska
  • Antal sidor: 200
  • Utgivningsdatum: 2018-08-01
  • Förlag: Evertype